Nuacht & Imeachtaí

Tá AIB oscailte anois d’iarratais ar iasachtaí faoi Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta

Scéim iasachta €330m chun tacú le FBManna a raibh tionchar ag an mBreatimeacht orthu, lena n-áirítear feirmeoirí agus iascairí

Iasachtaí ar chostas íseal ó €25,000 go €1.5 milliún ar feadh suas le sé bliana

D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD agus Colin Hunt, POF AIB, inniu go bhfuil AIB oscailte d’iarratais ar an Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta (BILS).

Tagann an Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta (BILS) i gcomharbacht ar Scéim Iasachta an Bhreatimeachta agus soláthróidh sí suas le €330m in iasachtaí ar chostas íseal do ghnólachtaí incháilithe a raibh tionchar ag an mBreatimeacht orthu.

Ón lá inniu ar aghaidh, tá AIB oscailte glacadh le hiarratais ar iasachtaí ó ghnólachtaí atá ceadaithe le haghaidh incháilitheachta do Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI). Is féidir tuilleadh sonraí maidir le ceadú incháilitheachta a fháil ar láithreán gréasáin SBCI ag www.sbci.gov.ie

Ní mór d’iasachtóirí rannpháirteacha i Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta foráil a dhéanamh d’iasachtaí le téarmaí suas le sé bliana, chun críocha infheistíochta agus caipitil oibre, agus chun iasachtaí suas le €500k (ar a laghad) a chur ar fáil gan urrús a éileamh. Cuideoidh an iasachtú ar chostas íseal seo le gnólachtaí agus iad ag freagairt do na hathruithe a d'fhág an Breatimeacht ar a dtimpeallacht trádála.

Faigheann an scéim tacaíocht ó chistí ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tá sí á oibriú ag SBCI agus seachadtar é trí iasachtóirí rannpháirteacha. Tá sé á thacú ag frithráthaíocht ó Ghrúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD:

“Is dea-scéal é seo. Ba mhaith linn dá nglacfadh níos mó iasachtóirí páirt i Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta nuashonraithe seo, chun níos mó roghanna a thabhairt do ghnólachtaí agus iad ag lorg iasachta. Is é AIB an dara iasachtóir rannpháirteach atá tagtha ar bord agus tá súil againn go dtiocfaidh níos mó ar bord sna seachtainí amach romhainn. Tá a fhios agam cé chomh crua agus a bhí an Breatimeacht agus an phaindéim ar ghnólachtaí na hÉireann. Tá an scéim seo mar chuid de phacáiste foriomlán an Rialtais chun cabhrú leo siúd atá ag streachailt agus tairgeann sí iasachtaí ar chostas íseal chun cabhrú le costais oibríochta ó lá go lá nó chun infheistíocht a dhéanamh."

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:

“Is sampla soiléir í Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta de thiomantas an Rialtais seo tacú le gnólachtaí ar fud na tíre. Tugann an scéim rochtain do ghnólachtaí talmhaíochta agus do ghnólachtaí eile, a ndeachaigh an Breatimeacht i bhfeidhm orthu, ar iasachtaí ar phraghas iomaíoch. Is rogha an-láidir í an scéim do go leor gnólachtaí atá ag lorg rochtana ar airgeadas agus tugann sí fíor-rogha do na gnólachtaí sin. Is príomhthosaíocht domsa agus don Rialtas seo a chinntiú go ndéantar ár ngnólachtaí talmhaíochta agus tuaithe a chosaint ó na héifeachtaí is measa den Bhreatimeacht agus is é sin an fáth go bhfuilimid tiomanta do thacaíochtaí nuálacha mar Scéim Iasachta Tionchair na Breatimeachta."

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe TD:

“Fáiltím roimh fhógra an lae inniu go bhfuil AIB rannpháirteach i Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta agus ag tabhairt rogha iasachtóra do FBManna maidir le rochtain a fháil ar an Scéim. Is rogha é a bhfuil súil agam a leathnú ionas go mbeidh an Scéim ar fáil do ghnólachtaí a raibh tionchar ag an mBreatimeacht orthu trí raon bealaí chomh leathan agus is féidir. Tá an Rialtas tiomanta i gcónaí tacú lenár n-earnáil FBManna lena n-áirítear príomhtháirgeoirí a chaithfidh dul i ngleic le dúshláin dhúbailte COVID-19 agus an Breatimeacht."

Dúirt Colin Hunt, POF AIB:

‘Tá sé ríthábhachtach go gcinnteoimid go bhfuil maoiniú ar fáil do ghnólachtaí beaga chun cur in aghaidh thionchar an Bhreatimeachta. Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil maoiniú de €140 milliún curtha ar fáil ag AIB trí Scéim nua Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta SBCI - ag cabhrú leo siúd is mó a dteastaíonn cabhair uathu.

“Mar thír táimid nochtaithe go uathúil d’éifeachtaí an Bhreatimeachta, a bhfuil go leor acu ag teacht chun cinn i gcónaí, agus táimid tiomanta do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus iad ag oiriúnú do thimpeallacht nua trádála i ndiaidh an Bhreatimeachta. Fáiltímid freisin roimh leathnú na scéime chun feirmeoireacht agus iascaireacht a áireamh, cuid de na hearnálacha is mó a raibh tionchar ag an mBreatimeacht orthu agus iad fós ag dul i ngleic leis agus a mbeidh tacaíochtaí den chineál seo chun leasa dóibh."

Dúirt June Butler, POF SBCI:

“Tacóidh Scéim Iasachta Tionchair na Breatimeachta (BILS) nua feabhsaithe le FBManna ar fud na hÉireann agus iad ag déileáil le dúshláin an Bhreatimeachta. Tá áthas ar an SBCI go bhfuil AIB ag glacadh páirte sa Scéim, agus táimid ag fáiltiú roimh iarratais ón lá inniu ar aghaidh. Cuirfidh na BILS go mór le raon roghanna airgeadais atá neamhdhíobhálach do FBManna agus cuideoidh rannpháirtíocht AIB leis an scéim seo a sholáthar le níos mó FBManna rochtain a fháil ar airgeadas solúbtha ar chostas íseal."