Cé muid féin

Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA)

Bunaíodh an IAASA de bhun fhorálacha Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003.

Ag féachaint dá chuspóirí, feidhmeanna agus cumhachtaí reachtúla is iad príomhspriocanna an Údaráis:

  • maoirseacht ar an gcaoi a ndéanann na Comhlachtaí Cuntasaíochta Forordaithe (PABanna) a gcuid ball a rialáil agus monatóireacht a dhéanamh orthu
  • faireachán ar thuairisciú airgeadais tréimhsiúil eintiteas áirithe a bhfuil a n-urrús ligthe isteach ag trádáil ar mhargadh rialáilte san AE
  • feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh i leith leachtaitheoirí
  • cloí le hardchaighdeáin ghairmiúla sa ghairm iniúchta agus cuntasaíochta a chur chun cinn
  • ag gníomhú mar fhoinse speisialaithe comhairle don Aire maidir le hábhair iniúchta agus cuntasaíochta
  • dearbhú cáilíochta seachtrach iniúchóirí cuideachtaí liostaithe, institiúidí creidmheasa agus gnóthas árachais chun ardchaighdeán iniúchta a chinntiú
  • glacadh agus cothabháil an chreata iniúchta d’Éirinn

Teagmháil

Teil: +353 (0) 45 983 600

Facs: +353 (0) 45 983 601

Ríomhphost: info@iaasa.ie

Suíomh Gréasáiniaasa.ie